D’fhág sí an scoil ag 14 bliana d’aois, bhí sí ag iarraidh a dhul go dtí an cheardscoil ar an Chlochán Liath ach d’imigh a hathair go hAlbain, Eilis a ba shine agus b’éigean di fanacht sa bhaile siocair nach raibh sláinte a máthar chomh maith sin. Bhí buachailleacht le déanamh acu, cur síos ar sin. Ag siúl ó dhamhsa i Leitir Catha i lár na hoíche agus ag tabhairt na gcaorach na bhaile leo ón chnoc ar a mbealach lena lomadh ar maidin. Ag siúl trasna na gcnoc sa tsneachta ag amharc i ndiaidh na gcaorach fosta. | 00:07:27 | |